Cogadh na Reann. The War of the Worlds in Irish

Цена 16.95 - 23.65 USD

EAN/UPC/ISBN Code 9781782010999

Брэнд Evertype



Страниц 238

Год выпуска 2015

"Ní chreidfeadh duine ar bith i mblianta deiridh an naoú céad déag go raibh súil ghéar ghrinn ar imeachtaí an domhain seo ag neacha ar mhó a n intleacht ná intleacht an duine, ach dá ainneoin sin, a bhí chomh básmhar linn féin... Ach, thar dhuibheagán an spáis, bhí ag breathnú anuas orainn go santach créatúir a raibh an oiread difríochta idir a meabhair agus ár meabhairne agus atá idir meabhair an duine agus meabhair an ainmhí, créatúir a raibh intleacht ábhalmhór fhuar chrua acu, agus bhí siad ag beartú seifteanna go mall lenár mbascadh." Foilsíodh "Cogadh na Reann" den chéad uair in 1898 agus meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá sé ar cheann de na húrscéalta ficsean eolaíochta is tábhachtaí dár ceapadh. Athchóiríodh é don raidió, don téatar, agus don chineama, agus is iomaí sin saothar ficsin, de gach saghas, a raibh sé ina inspioráid acu. Mar aon le "The Time Machine", "The Island of Dr Moreau" agus "An Chéad Chuairt ar an nGealaigh", áirítear "Cogadh na Reann" ar mhórshaothair ficsean eolaíochta H.G.Wells (1866-1946). Foilsíodh in 1934 an t-aistriúchán seo Gaeilge a rinne Leon Ó Broin. Is éard atá san eagrán nua seo leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin, arna chur in eagar ag Aibhistín Ó Duibh. -- "No one would have believed in the last years of the nineteenth century that this world was being watched keenly and closely by intelligences greater than man's and yet as m...